Tionscadal Síochána na hEorpa 2026
Fórógra, 9. Bealtaine

Inniu an 9 Bealtaine 2026 – níos mó ná 80 bliain i ndiaidh dheireadh an dara cogadh domhanda san Eoraip, cogadh a mharaigh níos mó ná 60 milliún duine, 27 milliún saoránach arbh as an Aontas Sóivéadach ina measc – muidne, saoránaigh na hEorpa, ardaímid ár nglórtha arís!

Tugaimid faoi deara agus imní orainn toisc bliain iomlán i ndiaidh an deardbhaithe a rinneamar anuraidh, nach bhfuil rialtais na hEorpa sásta go fóill dul sa tóir ar thaidhleoireacht leis an Rúis chun deireadh a chur leis an seachchogadh NATO atá ar siúl san Úcráin.

Tá uafás an domhain orainn go socraíonn an cogadh coimhlintí ar bhealach míleata, agus go bhfuil costas saoil na ndaoine ró-ard ar dhá taobh na líne tosaigh. Fadaítear an cogadh agus sprioc neamhréasúnta air seo chun scrios airgeadais a tharraingt ar an Rúis nó chun síneadh ama a fháil ón gcluiche reatha atá ann chun athdheighilt an domhain a bhaint amach.

Caoinímid mar gheall ar an méid uaigheanna saighdiúirí atá ann san Úcráin, cogadh gan ciall gan trócaire, cogadh atá ag réabadh na hEorpa as a chéile, agus meabhraímid do chách go hard:

Ní mór go seasfadh an Eoraip an fód: Ná tarlaí cogadh choíche arís!

Táimid tar éis an scéal dochreidte a fheiceáil san Aontas Eorpach, aontas a mbíodh bród air forlámhas an dlí a bheith mar chroí aige, go bhfuil machnamh déanta aige (nó ag lucht an AE) réadmhaoin rúiseach atá san Eoraip a choigistiú i sárú ar an dlí idirnáisiúnta. Tá scanradh orainn go bhfuil an tAontas Eorpach agus roinnt rialtais an AE ag cur srianta ar chearta sibhialta na saoránach soineanta, chomh maith le cearta údar agus iriseoirí a cheistíonn polasaithe agus straitéisí an aontais. Cuirtear iad ar liostaí smachtbhannaí treallacha agus sa chaoi sin, déantar damáiste d’fhorlámhas an dlí agus saoirse cainte i mbealach uafásach.

Is ionadh linn go gcuireann ár rialtais, parlaimintí agus le déanaí ár gcúirteanna buamáil an phíblíne Nord Stream i leith déantóirí cionta Úcráineacha, in ainneoin na fianaise, toisc nach raibh aon duine i Rialtas na Gearmáine nó rialtas eile san Eoraip go leor cróga na Stáit Aontaithe a ainmniú mar phríomhúdar an ionsaithe seo.

Tá frustrachas agus fearg an domhain orainn gur theip ar mhaorlathas an AE ar fad chomh maith le baill an Aontais Eorpaigh go dtí seo aon fhreagairt aontaithe inmharthanach a thabhairt ar straitéis slándála nua na Stát Aontaithe.

Ní mór deireadh a chur le hiompar slábhánta rialtais an AE agus na hEorpa i leith na Stát Aontaithe, tír a sheasann ar an dlí idirnáisiúnta sa Veiniséala agus san Iaráin agus a dhéanann magadh den Eoraip. Tá “Ord domhanda an Iarthair” i smidiríní de bharr a chaighdeán dhúbáilte féin a ghlacadh thar na blianta. Tá Eoraip neodrach uainn, fuascailte ó na Stáit Aontaithe, ilchríoch a chuireann a leas féin chun tosaigh agus a bhfuil ról idirghabhála aige i ndomhan ilpholach. Ba cheart don Eoraip, in éindí leis na tíortha BRICS an dlí idirnáisiúnta agus Cairt na Náisiún Aontaithe a threisiú agus droichead a chruthú idir an Oirthear agus Iarthar!

Tá muidne, saoránaigh na hEorpa chun ár gcinniúint a réadú agus ár scéal a bhreith. In éindí lenár gcairde Portaingéalacha, táimid tar éis Comhdháil Síochána ha hEorpa a láinseáil.

Molaimid ailtireacht slándála eorpach nua a bheith ann mar gheall ar an Rúis. Cuirimid fáilte roimh saoránaigh na hÚcráine agus na Rúise. Is cuid dár dteaghlach eorpach sibh.

Dearbhaímid, saoránaigh na hEorpa: nílimid i mbun cogaidh leis an Rúis nó le haon tír eile! Ní bheidh muid ag glacadh páirt sna cluichí cogaidh gan chiall, agus tá líon na ndaoine atá den tuairim chéanna leis seo ag méadú! Ní thiontóimid ár dtíortha ina láthair chatha.  Ní iompóimid ár mic agus ár n-iníonacha ina saighdiúirí catha nó oibrithe leighis in ospidéil mhíleata.

Ní sheasfaimid siar agus ár dtodhchaí agus todhchaí ár bpáistí a bheith á íobairt ar altóir na polaitíochta, is mór an trua go bhfuil ár n-Eoraip álainn á scriosadh í féin.

Go maire an Eoraip go deo, go maire an tsíocháin agus an ceartas, go maire an tsaoirse!

image_print